Contact us
You can contact our dedicated Mortgage Arrears Information Helpline on 0761 07 4050 (Monday to Friday, 9:30am to 5pm)
Faoiseamh cánach do thionóntaí
Eolas
Má tá cónaí ort i lóistín atá agat ar chíos go príobháideach agus má íocann tú cáin ioncaim, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann faoiseamh cánach a fháil ar chuid den chíos sin. Céimnítear an faoiseamh cánach amach agus beidh 2017 an bhliain dheireanach.
Ní féidir leat an faoiseamh seo a éileamh ach amháin má tá lóistín ar cíos agat ar 7 Nollaig 2010. Mura raibh lóistín ar cíos agat ar 7 Nollaig 2010 agus má thosaigh tú ag íoc cíosa ina dhiaidh sin, ní bheidh tú i dteideal faoiseamh cánach a éileamh. Áfach má tá lóistín ar cíos agat ar 7 Nollaig 2010, agus tosaíonn tú comhaontú cíosa nua i ndiaidh an dáta sin, beidh tú incháilithe le haghaidh an fhaoisimh seo.
Rialacha
Le faoiseamh ó cháin a fháil, caithfidh tú a bheith ag íoc cíosa as ionad cóiríochta príobháideach, arb é d'aon áit chónaithe é nó do phríomháit chónaithe. Áiríonn sé seo cóiríocht ar nós mionárasáin, árasáin, nó tí.
Níl aon teideal ar fhaoiseamh cánach agat maidir le cíos a íocadh le húdarás áitiúil nó le gníomhaireacht Stáit nó a íocadh de bhun léasa 50 bliain nó níos faide.
Tiarnaí talún nó gníomhairí atá ina gcónaí in Éirinn
Má tá do thiarna talún nó a ghníomhaire ina chónaí in Éirinn, caithfear admháil ar an gcíos a d'íoc tú a chur ar fáil má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim í agus nuair a iarrann siad í. Tá feidhm ag an riail seo cuma an n-íocann tú do chíos díreach leis an tiarna talún nó le gníomhaire thar ceann an tiarna talún. Caithfidh gach admháil an méid seo a leanas a thabhairt le fios:
- Ainm, Uimhir PSP agus seoladh an tiarna talún
- Méid an chíosa a d'íoc tú
- Achar ama lena mbaineann an admháil
Coimeád gach admháil ar feadh 6 bliana ar a laghad mar d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim iad a iarraidh ort.
Tiarnaí talún nó gníomhairí atá ina gcónaí thar lear
Mura bhfuil do thiarna talún nó a ghníomhaire ina chónaí in Éirinn agus má íocann tú cíos leis go díreach nó lena chuntas bainc, cuma in Éirinn nó thar lear, caithfidh tú cáin ar an ráta caighdeánach (20% i 2011) a bhaint as an ollmhéid a íocann tú. Ní hionann an asbhaint seo agus d'fhaoiseamh cánach, is cáin í ar ioncam do thiarna talún a chaithfear a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Mar shampla, má tá do thiarna talún ina chónaí sa Ghearmáin agus má íocann tú ollchíos míosúil €1,000 leis. Ar dtús, áirigh an méid cánach nach mór a asbhaint (€1,000 x 20% = €200). Ansin bain an cháin atá dlite as an ollchíos a íocann tú (€1,000 - €200 = €800 ). Is ionann agus €800 an cíos a íocann tú le do thiarna talún in aghaidh na míosa. Iocann tú €200 leis na Coimisinéirí Ioncaim in aghaidh na míosa.
Cuntas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim
Caithfidh tú cuntas a thabhairt ar an méid chánach a asbhaineann tú.Mura mbaineann tú an cháin as an gcíos a íocann tú le tiarna talún atá in chónaí thar lear is tusa (agus ní hé an tiarna talún) a bheidh freagrach as an gcáin nár asbhaineadh.
Má íocann tú cáin faoin gcóras ÍMAT, is féidir leat cuntas a thabhairt trí do chreidmheasanna cánach agus pointe scoite an ráta chaighdeánaigh a laghdú. Iarr ar d'oifig cánach é seo a dhéanamh, nó déan tuairisceán cánach ar Fhoirm Thuairisceáin Chánach 12 (pdf) agus íoc an méid asbhainte leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Más ar bhonn féinmheasúnaithe a íocann tú cáin, féadfaidh tú cuntas a thabhairt sa cháin a asbhaineann tú san Fhoirm Thuairisceáin Chánach Féinmheasúnaithe 11 agat a chuireann tú chun na gCoimisinéirí Ioncaim. Eiseoidh siad fógra measúnaithe a léireoidh an laghdú ar do chreidmheasanna cánach.
Ag deireadh na bliana caithfidh tú teastas cánach a bhaint as – Foirm R185 (pdf) a chomhlánú agus í a thabhairt do do thiarna talún.
Rátaí
Tá faoiseamh cánach le fáil ag an ráta caighdeánach de 20%, is cuma cá bhfuil cónaí ar do thiarna talún. Siad uasmhéideanna an fhaoisimh ná:
| Cúinsí pearsanta | Bliain cánach 2011 | Bliain cánach 2012 |
| Singil agus faoi 55 bliain | €1,600 | €1,200 |
| Singil agus os cionn 55 bliain | €3,200 | €2,400 |
| Pósta/baintreach/páirtnéir sibhialta marthanach/i bpáirtnéireacht shibhialta agus faoi 55 bliain | €3,200 | €2,400 |
| Pósta/baintreach/páirtnéir sibhialta marthanach/i bpáirtnéireacht shibhialta agus os cionn 55 bliain | €6,400 | €4,800 |
Iolraíonn tú na liúntais saor ó cháin thuas faoi 20% chun a luach duit gach bliain tar éis cánach a ríomh. Is ionann é seo do dhaoine:
- Faoi 55: féadfaidh tú creidmheas cánach a fháil i leith na bliana cánach 2012, ar fiú €240 in aghaidh na bliana é do dhaoine gan phósadh agus €480 in aghaidh na bliana do dhaoine atá pósta, baintreach, páirtnéir sibhialta marthanach nó i bpáirtnéireacht shibhialta.
- Os cionn 55: féadfaidh tú creidmheas cánach a fháil i leith na bliana cánach 2012, ar fiú €480 in aghaidh na bliana é do dhaoine gan phósadh agus €960 in aghaidh na bliana do dhaoine atá pósta, baintreach, páirtnéir sibhialta marthanach nó i páirtnéireacht shibhialta.
Mar a deirtear thuas, céimnítear an faoiseamh cánach amach. Taispeánann an clár seo an méid cíosa a fhaigheann faoiseamh cánach i gach bliain suas go dtí 2017.
| Bliain cánach | Singil, faoi 55 | Singil, os cionn 55 | Baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach/pósta, nó i bpáirtnéireacht shibhialta, faoi 55 | Baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach/pósta, nó i bpáirtnéireacht shibhialta, os cionn 55 |
| 2010 | €2,000 | €4,000 | €4,000 | €8,000 |
| 2011 | €1,600 | €3,200 | €3,200 | €6,400 |
| 2012 | €1,200 | €2,400 | €2,400 | €4,800 |
| 2013 | €1,000 | €2,000 | €2,000 | €3,600 |
| 2014 | €800 | €1,600 | €1,600 | €3,200 |
| 2015 | €600 | €1,200 | €1,200 | €2,400 |
| 2016 | €400 | €800 | €800 | €1,600 |
| 2017 | €200 | €400 | €400 | €800 |
| 2018 | €0 | €0 | €0 | €0 |
Conas iarratas a dhéanamh
Is cuma cá bhfuil cónaí ar do thiarna talún. Le faoiseamh cánach ar chíos a éileamh líon isteach Foirm Chíosa 1 (pdf) agus seol chuig an oifig chánach í. Is féidir an fhoirm seo a fháil freisin ón oifig chánach áitiúil. Má tá aon deacrachtaí agat leis an bhfoirm a líonadh nó aon eolas a theastaíonn a chur ar fáil, déan teagmháil leis an oifig chánach.
Is féidir leat an tseirbhís ÍMAT aon tráth aon lá a úsáid freisin.






